Má tá Gaeilge agat… | Private School Dublin | Clongowes Wood College

Posted: 11th March 2018

Beidh Seachtain na Gaeilge á cheiliúradh againn i gColáiste Choill Chluana Gabhann an tseachtain seo, ón Luan an 12ú go dtí an Aoine an 16ú. I measc na himeachtaí a bheidh ar siúl lenár ranganna Gaeilge beidh

  • Tráth na gCeist do ranganna Elements agus Rudiments
  • Gearrscánnáin á thaispeáint agus ranganna léitheoireachta sa leabharlann
  • Áit a bhfuil curtha againn lenár mbailiúchán leabhair le déanaí
  • Paidreacha na maidinne á chuir i láthair ag daltaí Rhetoric go príomha trí Ghaeilge.

Chomh maith le sin beidh focail agus nathanna i nGaeilge á thaispeáint ar an scáileán sa chóngar. Tá súil againn go mbainfidh pobal uilig na scoile, daltaí agus foireann, úsáid as an nGaeilge atá acu.

Beatha teanga í a labhairt.

Helen Hickson

Má tá beagáiní­n Gaeilge agat, labhair í­! Tuilleadh eolais anseo

Go to Top